Pleanáil Cuairt
Uaireanta Oscailte
Bíonn Gairdíní Uíbh Eachach ar oscailt ó cheann ceann na bliana.
Luan go Satharn: Osclaítear ag 8am.
Domhnach agus laethanta saoire poiblí: Osclaítear ag 10am.
Mí na Nollag agus mí Eanáir: Dúntar ag 3.30pm.
Mí Feabhra agus mí na Samhna: Dúntar ag 4pm.
Mí an Márta go mí Dheireadh Fómhair: Dúntar ag 6pm.
Suíomh
Tá Gairdíní Uíbh Eachach lonnaithe ar Shráid Chluain Meala, in aice le Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath 2. Is féidir dul isteach ó Shráid Chluain Meala, ó Shráid Haiste, agus ag cúl an Cheolárais Náisiúnta ar Ardán Phort an Iarla.
Tabhair faoi deara nach féidir le daoine i gcathaoireacha rothaí dul isteach sna Gairdíní tríd an ngeata ag an gCeoláras Náisiúnta.
Taisteal
Freastalaíonn an chuid is mó de na busanna ar lár na cathrach, agus stopann siad gar do Ghairdíní Uíbh Eachach. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Críochnaíonn líne ghlas na dtramanna Luas in aice láimhe freisin; tuirling ag an stad ‘Faiche Stiabhna’.
Gairdíní Uíbh Eachach
Gairdíní Uíbh Eachach
Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.
Turais
Níl aon turas treoraithe ar fáil ag an suíomh seo.
Cuairt
Uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar na gairdíní.
Cead Isteach
Tá saorchead isteach i nGairdíní Uíbh Eachach.
Grianghrafadóireacht / Físeáin
Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála nó grianghrafadóireacht bhainise a dhéanamh.
Sa Cheantar Freisin
Páirc Fhaiche Stiabhna
Fad slí: 300m.
Baineann an dá shuíomh le chéile, idir stair agus dearadh tírdhreacha.
Reilig na nÚgónach
Fad slí: 700m.
Úsáideadh an suíomh seo mar reilig do theifigh Fhrancacha Úgónacha ó 1693.
An Seomra Fada sa tSean-Leabharlann i gColáiste na Tríonóide
Fad slí: 1.1km.
Leabharlann ó thús an tseachtú haois déag ina bhfuil os cionn 200,000 leabhar.