Ceadúnais le haghaidh Imeachtaí agus Grianghrafadóireachta

An féidir liom imeacht a reáchtáil i nGairdíní Uíbh Eachach?

Reáchtáiltear líon beag imeachtaí i nGairdíní Uíbh Eachach gach bliain. Dá mbeadh níos mó imeachtaí ná sin ar siúl, chuirfeadh sé isteach ar chaomhnú an ghairdín stairiúil thábhachtaigh seo. Bíonn próiseas soláthair i gceist le haghaidh gach imeachta a reáchtáiltear sna gairdíní agus bíonn an próiseas sin ar siúl bliain roimh ré ar a laghad. Téigh i dteagmháil linn chun tuilleadh sonraí a fháil. Is féidir leat an tábla úsáide a sheiceáil freisin. Gheobhaidh tú amach uaidh sin cé na cineálacha imeachtaí a nglactar le hiarratais lena n-aghaidh.

Cé na cáipéisí a theastaíonn le haghaidh imeachta/ grianghrafadóireachta/ scannánaíochta?

Sula gcuireann tú isteach air (tríd an bhfoirm ar líne amháin), cuimhnigh, le do thoil, go gcaithfidh na nithe seo a leanas bheith agat má thugtar cead duit an t-imeacht a reáchtáil ar an láthair seo:

  • árachas dliteanais phoiblí ar fiú 6.5 milliún euro in aon iarraidh amháin é agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ainmnithe ar an bpolasaí
  • seolfar foirm shlánaíochta chugat nuair a bheidh d’iarratas faighte agus an páipéarachas ar fad in ord is in eagar. Íoslódáil foirm shlánaíochta shamplach anseo.
  • éarlais a aisíocfar leat ach amháin má dhéantar damáiste do na Gairdíní nó má sháraítear na coinníollacha
  • Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht, Plean Bainistíochta Tráchta, Plean Éigeandála, Ráiteas ar Mhodhanna, agus Sceideal Léirithe
  • fianaise go ndeachaigh tú i gcomhairle go hiomlán le comhlachtaí reachtúla, le haon ghrúpaí cónaitheoirí agus le forais chóngaracha i bhfad roimh an imeacht, agus fianaise go bhfuil a gcuid riachtanas comhlíonta agat
  • caithfidh gach taibhiú ceoil bheith comhlíontach ó thaobh IMRO ( Irish Music Rights Association) de.

Íoslódáil an Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht in PDF.

Cathain ba chóir dom iarratas a chur isteach?

Teastaíonn fógra trí lá oibre ar a laghad le haghaidh grianghrafadóireachta. Teastaíonn fógra ceithre seachtaine ar a laghad le haghaidh imeachtaí beaga agus fógra ocht seachtaine le haghaidh imeachtaí móra.

Ní ghlactar le hiarratas déanach ar bith agus ní dhéantar áirithint shealadach ar bith. Tar éis iarratas a chur isteach, is féidir bheith ag súil le freagra i gceann trí lá oibre. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach tríd an bhfoirm áirithinte ar líne.

An féidir liom pósadh i nGairdíní Uíbh Eachach?

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, ní féidir leat pósadh ná searmanas sibhialta a reáchtáil sna Gairdíní. Ach b’fhéidir gur mhaith leat do chuid grianghraf bainise a thógáil ann. Teastaíonn ceadúnas; ní gá ach iarratas a dhéanamh agus fógra trí lá ar a laghad a thabhairt. Ní ghearrtar táille ar bith ort as grianghraif bhainise a thógáil sna Gairdíní.

Tá roinnt suíomhanna stairiúla eile a dtugann OOP aire dóibh ar fáil chun do shearmanas sibhialta a óstáil – cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil.

An gcosnaíonn sé airgead chun grianghraif a thógáil nó imeacht a reáchtáil sna Gairdíní?

Táillí

Grianghraif bhainise: saor in aisce.
Grianghrafadóireacht tráchtála: €125 san uair, gan CBL san áireamh.
Carthanacht/turasóireacht etc: €50 san uair, gan CBL san áireamh.
Scannánaíocht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Imeacht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Ranganna corpacmhainne agus ranganna eile den sórt sin: €15 san uair in aghaidh an ranga, gan CBL san áireamh, agus ní féidir níos mó ná cúig dhuine dhéag a bheith i rang.

Ní ghlactar ach le híocaíochtaí leictreonacha.

Íoslódáil

Tábla Úsáide

Íoslódáil

Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht