Foghlaim Tuilleadh

Garraithe Líosain

Sa bhliain 1663 ba pháirc phríobháideach í Faiche Stiabhna a raibh roinnt tithe cathrach thart uirthi. Thart ar dheich mbliana níos déanaí, chuir muintir Líosain fúthu in Éirinn agus thóg siad teach mór agus grúdlann ó dheas d’Fhaiche Stiabhna. Tugtar ‘Leeson’s Walk’ ar an taobh sin den Fhaiche i léarscáil Rocque ó 1756. Go gairid ina dhiaidh sin, tugadh an t-ainm Leeson Street (Sráid Líosain) ar an seanbhóthar ársa go Domhnach Broc. Ba le muintir Líosain an talamh neamhshaothraithe ó dheas dá dteach freisin, ‘Garraithe Líosain’, a shín thar theorainn na cathrach.

Mionsonra ó léarscáil 1797 a d’fhoilsigh William Faden atá thuas. Fearann poiblí. 

John Scott, Céad Iarla Chluain Meala, le Gilbert Stuart. Olaphictiúr ar chanbhás, 71.5 x 59 cm. Fearann poiblí.

Faiche Iarla Chluain Meala

Tógadh Sráid Fhearchair i 1777, ag dul ó dheas ó choirnéal thiar theas Fhaiche Stiabhna. An bhliain dár gcionn, tógadh an chéad áit chónaithe ar an tsráid – Teach Chluain Meala – ar a dtugtar 17 Sráid Fhearchair anois. Ba é John Scott (1739-1798), Céad Iarla Chluain Meala, a úinéir; ba é Teach Chnoc an Teampaill sa Charraig Dhubh, Contae Bhaile Átha Cliath a eastát tuaithe. Ba dhlíodóir é Scott, agus cara, comrádaí, agus comhbhithiúnach ‘Buck’ Whaley mhíchlúitigh (a raibh cúl a thí ag uimhir 85 Faiche Stiabhna le Garraithe Líosain).

Cheannaigh Scott aon acra dhéag de Gharraithe Líosain mar ghairdín do Theach Chluain Meala. Toisc go raibh Sráid Fhearchair idir an gairdín agus an teach, tógadh tollán faoi thalamh (a chreidtear a bheith ann go fóill), ó cheann de sciatháin Theach Chluain Meala a leagadh ó shin go dtí an gairdín; bhí dhá bhealach isteach uaidh go dtí an gairdín.  Tugtar ‘Lord Earlsfort’s Lawn’ ar an suíomh seo i léarscáil ó 1789, mar gheall ar chéad teideal Scott, Barún Earlsfort.  Rinneadh Iarla Chluain Meala dó sna 1790idí, agus d’athraigh sé an litriú Béarla ó ‘Clonmel’ go ‘Clonmell’.

Gairdíní Cobourg

Tógadh an talamh phríobháideach seo ar léas in 1817 agus rinneadh talamh phoiblí di. Tugadh ainm nua di, ‘Gairdíní Cobourg’, de bharr na n-imeachtaí a bhí tar éis tarlú ar an Mór-roinn go gairid roimhe sin is dócha. Ar feadh tréimhse ghairid bhí Gairdíní Cobourg, nár athraíodh mórán ar chor ar bith ón am a raibh siad ina bhfaiche do Theach Chluain Meala, ina suíomh ardéilimh i measc mhóruaisle Bhaile Átha Cliath. Théití isteach iontu ó Shráid Fhearchair agus trí Bhasár Ríoga na gCapall ag uimhir 94 Faiche Stiabhna, thart ar an áit atá Plás an Stócaigh sa lá atá inniu ann.

An 20 Meitheamh 1828, reáchtáladh seó mór tráthnóna mar chomóradh ar Chath Waterloo.  Tionóladh ceann eile i samhradh na bliana 1830 chun ceiliúradh a dhéanamh ar chorónú an Rí Liam IV.

Some of the fireworks seen that night of the summer of 1830 were blue Turkey lights, rattlesnakes, a grand fountain of Palestine fire, fiery pigeons, a beautiful Chinese pyramid, a Prussian mill, a superb yew tree, a grand Malta piece with changing coloured fire, a spiral wheel representing fiery serpents in chase with a Salamander, and the finale a ‘correct representation of a volcanic eruption of Mount Vesuvius’.

 

Coimisiún na Sráideanna Leathana

Faoi na 1830idí bhí an-laghdú tagtha ar an éileamh a bhí ar Ghairdíní Cobourg. Tugadh an talamh ar ais do Thomas, Iarla Chluain Meala in 1836, agus is cosúil gur thacaigh seisean le pleananna chun sráid nua a thógáil trasna an Ghairdín comhthreomhar le Faiche Stiabhna ar a dtabharfaí Sráid Chluain Meala.

Bhí scéim eile le tionchar a imirt ar an gceantar. In 1839 leag Coimisiún na Sráideanna Leathana uimhreacha 62 go 65 ag an áit ar tháinig Sráid Líosain agus Faiche Stiabhna Theas le chéile. Cé nár cuireadh Sráid Chluain Meala i gcrích, seachas an méid atá le feiceáil sa lá atá inniu ann (cúpla céad méadar ag dul soir ó Shráid Fhearchair), críochnaíodh an tsráid nua a beartaíodh, agus tugadh Earlsfort Terrace (Ardán Phort an Iarla) uirthi in onóir theideal mhuintir Iarla Chluain Meala in 1839. Feictear Ardán Phort an Iarla den chéad uair in Eolaire Bhaile Átha Cliath ó 1840, leis an nóta “Unbuilt”. Faoi 1841 bhí dhá theach fholmha críochnaithe. Go dtí na 1870idí, is beag forbairt a rinneadh ar an mbóthar ó thaobh tithíochta de.

Sábháladh na gairdíní mar a bhí mar sin, ach níor tugadh aon aire ar chor ar bith dóibh go dtí gur cheannaigh Benjamin Lee Guinness iad ó John Henry, Iarla Chluain Meala in 1862.

Portráid Benjamin Lee Guinness in The Illustrated London News, an 4 Márta 1865. Fearann poiblí.

Seo an méid a dúirt scríbhneoir in 1865 faoi mhí-eagar na talún ar feadh na gcúig bliana fichid sin:

“Years ago this plot was familiarly known as the Cobourg Gardens….then it was used as a place where sheep were allowed to graze. Heaps of rubbish were thrown in several parts of it, and nothing remained to show that it had ever been at one time a thickly-wooded pleasure ground, save the projecting roots of large trees, and one venerable elm, which now stands as the only remnant of the once famous Cobourg Gardens”.

Léigh Tuilleadh

Breathnaigh ar léarscáileanna a bhaineann le Coimisiún na Sráideanna Leathana le Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath ar líne.

The Dublin Exhibition Palace and Winter Garden Company

“Notwithstanding the largely increased population and wealth of Dublin within the last few years, and its ranks as the second city in the empire, it has long been matter of observation and surprise that it contained no institution where the citizens might meet for the purposes of rational amusement blended with instruction – no garden or place of public assembly of a character similar to those existing in many of the Continental cities. [The intended buildings] will comprise a winter garden, where horticultural exhibitions and promenades may be held; a concert hall suitable for the production of the works of the great  masters with an effect not hitherto attainable in this city; a smaller concert hall adapted for the musical societies of Dublin; a gallery, for the exhibition and sale of pictures; a department for the display of manufactures and useful arts; a polytechnic museum and theatre for lectures on popular subjects, the whole to be placed in ornamental pleasure grounds, in which the skill of the landscape gardener will be displayed…”

Rúnaí na Cuideachta, Henry Parkinson

Cheannaigh Benjamin Lee Guinness an talamh mar ghairdín dá theach ársa cathrach, Teach Uíbh Eachach (uimhreacha 80 agus 81 Faiche Stiabhna), a cheannaigh sé in 1856. Mar ba dhual dá mhuintir choinsiasach agus dhaonchairdiúil, b’iontaobhaí é don The Dublin Exhibition Palace and Winter Garden Company a bunaíodh in 1862.

Dhíol sé an talamh a bhí le taobh Shráid Fhearchair, Fhaiche Stiabhna Dheas, Ardán Phort an Iarla agus Shráid Haiste leis an gCuideachta ar an bpraghas a d’íoc sé féin aisti. Ba í sin láthair an lárionaid chultúrtha agus áineasa a bhí á phleanáil ag an gCuideachta do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Díoladh os cionn 10,000 scair ag £5 an ceann, le thart ar shé chéad scairshealbhóir. Chuir iontaobhaithe na Cuideachta in iúl go mbeadh móruaisle mór le rá na cathrach ina bpátrúin ar an bhfiontar – Diúc Laighean, Lord Talbot de Malahide, agus Benjamin Lee Guinness Esq.

Léigh Tuilleadh

Fiosraigh ríshliocht Uíbh Eachach, agus craobh ghinealaigh mhuintir Guinness, ar The Peerage ar líne.

Idir an dá linn, theastaigh go leor oibre ar ghairdíní pléisiúir Phálás an Taispeántais. Dhear Ninian Niven leagan amach an ghairdín; ba gharraíodóir clúiteach tírdhreacha é agus iar-Stiúrthóir Gharraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon (1834-1838). De réir mar a bhí obair ag dul ar aghaidh ar an ngairdín, leag Fear Ionaid an Rí, Iarla Carlisle, cloch bhoinn na bhfoirgneamh i searmanas mór an 12 Meitheamh 1863. Roghnaíodh uillinn theas chúlbhá leathchiorclach an Ghairdín Geimhridh.

“At the proper time the first stone was gradually let down to its destined position, and his Excellency having been handed a square and plumb line of elegant workmanship, ascertained that the stone had been properly adjusted. He was then handed a mallet, made of beautifully polished wood with which he struck the stone three times and said ‘I declare the first stone of the Exhibition Palace and Winter Garden is well and truly laid’. This announcement was received with loud and continued cheering. In addition, a glass casket with six Irish newspapers of June 11 and several coins of the realm were placed next to the foundation stone.”

Ninian Niven. Cartlanna Ollscoil Melbourne.

“It would be quite impossible to convey in a picture any notion to the aspect of the enchantment which [the Winter Garden] wears under the mystic influence of gaslight….Anything more exquisite than the effect produced in the grand hall can scarcely be conceived. Long lines of gas jets, carried over the ceiling, afforded the finest contrasts of  light. The larger concert hall was lit by a series of brilliant sunlights, which served to show the noble proportions on the room, and the splendid cartoons by which it was decorated…”

– The Dublin Builder, 1 Lúnasa 1864

Oscailt an Taispeántais, mar a léiríodh in The Illustrated London News, an 4 Márta 1865. The Illustrated London News.

An Oscailt Mhaorga

Ba é an t-oidhre ar an gcoróin, Albert Edward, Prionsa na Breataine Bige, a thug faoin oscailt mhaorga an 9 Bealtaine 1865 agus cuireadh fáilte is fiche roimhe. D’fhreastail líon ollmhór, 930,000 duine, ar an Taispeántas idir an 9 Bealtaine agus an 9 Samhain 1865.  D’eagraigh an Chuideachta lacáistí speisialta iarnróid agus eile, agus bhí ionad teileagraif, oifig an phoist, oifig iarnróid, agus áiseanna do líon mór nuachtáin idirnáisiúnta sa Phálás.

Ag clabhsúr an Taispeántais rathúil an 9 Samhain, tionóladh searmanas oifigiúil ag ar labhair F.W. Brady QC thar ceann Choiste Feidhmiúcháin na Cuideachta:

“…[the members of the Committee] now resign the trust committed to them with the less regret, that these extensive halls are not to be taken away but will soon be re-opened, and form a permanent centre of recreation and instruction where for years to come the people of Ireland may find many agreeable associations to recall the International Exhibition of 1865…”

An 25 Meán Fómhair 1871, d’fhógair The Irish Times go raibh Sir Arthur Guinness (1840-1915), mac Benjamin Lee a bhí ar shlí na fírinne faoin am sin, agus a dheartháir Edward Cecil tar éis an suíomh (na foirgnimh agus an talamh) a cheannach arís ar £60,000, a d’íoc as fiacha na Cuideachta. As sin go ceann deich mbliana, eagraíodh imeachtaí poiblí mar ba ghnáth – cóisirí, ceolchoirmeacha, taispeántais, seónna bláthanna, cruinnithe, sorcais, srl.  Ba é an buaicphointe Taispeántas Náisiúnta na nEalaíon, na Tionsclaíochta agus na Déantúsaíochta a tionóladh faoi phátrúnacht mhuintir Guinness in 1872.

“When seen with the full blaze of sunshine illuminating all that is exquisite in art, in the fabrics of every nation, the productions of human taste and skill, the effect is like enchantment ….”

– Morning Star (London), Bealtaine 1865

Gairdín agus Pálás an Taispeántais, Bailiúchán Lawrence. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

In 1883 dhíol Edward Cecil Guinness struchtúr an Ghairdín Geimhridh leis an Uasal Lever, Teachta Parlaiminte do Ghaillimh. Atógadh ina dhiaidh sin é i bPáirc Battersea i Londain mar an Albert Palace of Science and Art (ach leagadh go talamh é in 1894). Tógadh balla idir an príomhfhoirgneamh agus an Gairdín, agus díoladh an foirgneamh le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí.  Bhí gairdíní pléisiúir Ninian Niven ina ngairdín príobháideach do Theach Uíbh Eachach arís mar sin.

One of the bushy-tailed inhabitants of the Green. OPW.

‘Cúlghairdín’ an Choláiste

An 6 Deireadh Fómhair 1941, d’oscail Éamon de Valera, mar Thaoiseach agus mar Sheansailéir Ollscoil na hÉireann, an geata beag a tógadh go gairid roimhe sin ar thaobh thoir na nGairdíní ar chúl Ollscoil Ardán Phort an Iarla. Bhí an talamh aistrithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Lean an searmanas ar aghaidh in aice leis an Láthair Bhoghdóireachta nuair a osclaíodh an glas ar gheata eile go Teach Newman. Ba dheas an áit iad Gairdíní Uíbh Eachach idir 85/86 Faiche Stiabhna agus Ardán Phort an Iarla do na mic léinn, agus bhídís in ann a scíth a ligean ann. Mar shampla, chuirtí drámaí i láthair ar ardán ciorclach ar shuíomh ghairdín na rósanna. D’eagraítí imeachtaí coláistí anseo freisin, ar nós cuid de cheiliúradh céad bliain Ollscoil Chaitliceach Newman a bunaíodh in 1854.

Léigh Tuilleadh

Léigh alt in The Irish Times ó 2007 leis an Ollamh Donal McCartney faoi UCD a bheith ag fágáil Ardán Phort an Iarla.

Cúram an Stáit

Tá bailiúchán uathúil de ghnéithe tírdhreacha sna Gairdíní, lena n-áirítear Eas agus Fochla Ainmhín, painéil fhoirmiúla shlogtha faiche le Scairdeáin mar bhuaic ina lár, Coillearnacha Fiántais, Cathair Ghríobháin, Gairdín na Rósanna, Gairdín Meiriceánach, Láthair Bhoghdóireachta, Creig-ghairdíní agus Fáireacha Préachán.  Ar an dea-uair, bhí go leor de na gnéithe sin fós le feiceáil nuair a ghlac an Stát cúram na nGairdíní orthu féin in 1991.

Dá réir sin, cuireadh plean i bhfeidhm láithreach chun na gairdíní a athchóiriú agus a chaomhnú. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil sna Gairdíní anois, ar nós chathair ghríobháin na nIúr agus Ghairdín na Rósanna lena bhailiúchán seanré rósanna a bhí ann roimh 1865. Tá dhá scairdeán, a athchóiríodh i 1994, ina mbuaic mhaorga i lár na nGairdíní.