Oideachas

Féadfar cuairt do dhaltaí bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam, lena náirítear:
  • OSSP (léirthuiscint don timpeallacht)
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (imscrúdú trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí; ailtirí agus dearthóirí ó thréimhsí eile; scileanna breathnaitheachta a fhorbairt)
  • Stair (an saol a bhí ag daoine; na hathruithe a tharla i dtréimhsí difriúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe ar dhaoine; tuiscint ar an stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)

Tá bileoga oibre ar fáil do mhodúil bhunscoile; téigh i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh sonraí.

Is féidir cuairt ar Ghairdíní Uíbh Eachach a úsáid freisin chun tacú le gnéithe de churaclam na hArdteistiméireachta.

Tá stair shóisialta agus chultúrtha, agus Bitheolaíocht (luibheolaíocht) agus Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta an-ábhartha.

Cuirimid ceardlanna ar fáil ó am go ham do pháistí le linn laethanta saoire scoile agus le linn Sheachtain na hOidhreachta. Breathnaigh ar an suíomh gréasáin nó téigh i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh sonraí.

Ba mhór againn freisin cabhrú le scoláirí atá i mbun taighde ar stair áitiúil, ar ghairneoireacht, agus ar ailtireacht.

Léigh Tuilleadh

Tá bileoga oibre ag Comhairle Crann na hÉireann ar a suíomh gréasáin le híoslódáil.

Grianghraf de pháistí ó Bhunscoil Naomh Éanna, Sráid na mBráithre Bána, Baile Átha Cliath 8, ar cuairt ar na Gairdíní i mí an Mheithimh 2014; á úsáid le caoinchead na scoile.